Ní mór cloí leis na treoracha sábháilteachta agus an ceallra á láimhseáil.

Roimh obair a dhéanamh ar an gceallra, léigh lámhleabhar oibriúcháin na feithicle agus lean na treoracha atá ann. Coinnigh na treoracha sábháilteachta agus lámhleabhar oibriúcháin na feithicle san áit chéanna.

Garchabhair:

Má thagann aigéad i dteagmháil leis na súile, sruthlaigh le huisce glan iad ar feadh roinnt nóiméad agus faigh cúram liachta láithreach ansin. Má dhéanann aigéad teagmháil le craiceann nó éadaí, neodraigh láithreach bonn trí úsáid a bhaint as sobal gallúnaí nó neodraitheoir aigéid agus ansin sruthlaigh go hiomlán le huisce agus faigh comhairle nó cúram liachta láithreach má tá an fhéidearthacht ann go dtarlóidh gortú dó.

1. An ceallra a bhaint den fheithicil agus a shuiteáil inti

  • NB: má tharlaíonn gearradh cumhachta féadfaidh gléasanna leictreacha, (m.sh. bac dúisithe, raidió, srl.) mífheidhmiú.
  • Ná déan ach ceallraí atá luchtaithe go leordhóthanach, i. le híosvoltas teirminéil 12.5V, a shuiteáil.
  • Múch an t-inneall agus gach gléas leictreach sula mbaintear an ceallra.
  • Nuair a bhaintear an ceallra, dícheangail an teirminéal diúltach (-) sula ndícheanglaítear an teirminéal dearfach (+).
  • Glan an limistéar suiteála san fheithicil sula ndéantar an ceallra nua a fheistiú.
  • Glan na teirminéil cheallra agus na nascóirí teirminéil, cóireáil na teirminéil le gréisc oiriúnach.
  • Úsáid na comhpháirteanna bunaidh ceangail. Daingnigh an ceallra go teann.
  • Ná bain na caipíní cosanta go dtí go bhfuil an ceallra á cheangal san fheithicil agat. Ceangail iad sin le teirminéil an tseancheallra chun gearrchiorcaid agus spréacha a chosc.
  • Nuair atá an ceallra nua á shuiteáil, ceangail an teirminéal dearfach (+) sula gceanglaítear an teirminéal diúltach (-). Cinntigh go bhfuil na nascóirí teirminéil ceangailte go daingean.
  • Tóg codanna mar chlúdaigh na dteirminéal, an uillinn, nascóir an osáin agus an cró clampála teirminéil ón seancheallra agus ceangail iad mar a bhí siad cheana. Ná blocáil asraonta gáis i rith úsáide ná iompair.

2. Luchtú seachtrach

  • Ná húsáid ach luchtairí oiriúnacha srutha dhírigh agus cloí le treoracha oibriúcháin na luchtairí sin. Ná déan ceallraí reoite ná ceallraí a bhfuil a dteocht níos airde ná 45°C a luchtú riamh.
  • Ceangail teirminéal dearfach an cheallra (+) le teirminéal dearfach an luchtaire agus ceangail teirminéal diúltach an cheallra (-) le teirminéal diúltach an luchtaire. Ná cuir an luchtaire ar siúl go dtí go gceanglaítear an ceallra.
  • Ná múch an luchtaire go dtí go bhfuil an ceallra luchtaithe go hiomlán.
  • Má éiríonn an ceallra te nó má bhíonn aigéad ag sileadh as, cuir stop leis an luchtú!
  • Cinntigh go ndéantar an ceallra a luchtú in áit atá dea-aeráilte.

3. Cothabháil

  • Coimeád dromchla an cheallra glan agus tirim agus ná húsáid ach éadach tais nó frithstatach chun é a ghlanadh.
  • Cosain na teirminéil agus nascóirí ar chreimeadh agus déan iad a chóireáil le bealadh gan aigéad.
  • Ná hoscail ceallraí a bhfuil a gcaipíní séalaithe go hiomlán!
  • Mura leor an fheidhmíocht fuarthosaithe, déan scrúdú ar an gceallra agus déan é a athluchtú más gá.
  • Ba cheart ceallraí atá á stóráil a choimeád luchtaithe agus fionnuar i gcónaí.
  • Seiceáil an staid luchtaithe go rialta. Má thiteann voltas an teirminéil faoi 12.4V, athluchtaigh an ceallra.

4. Treoracha Sábháilteachta maidir le ceallraí luaidhe-aigéadacha gluaisteáin agus gluaisrothair.

  • Léigh lámhleabhar oibriúcháin na feithicle agus lean na treoracha maidir le preabthosú.
  • Ní féidir ach ceallra a bhfuil an voltas ainmniúil céanna aige a úsáid chun críocha an phreabthosaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart don dá cheallra a bheith ar aon mhéid, a bheag nó a mhór.
  • Ná húsáid ach preabsheoláin cheadaithe (m.sh. preabsheoláin atá i gcomhréir le ISO 6722).
  • Cloí le treoracha oibriúcháin na bpreabsheolán.

5. Diúscairt ceallraí

  • Tá oibleagáid ort mar chustaiméir, de réir dlí, ceallraí caite a thabhairt ar ais. Is féidir leat do cheallraí a thabhairt isteach saor in aisce go dtí an áit ar cheannaigh tú iad nó go dtí pointí bailiúcháin poiblí i do chathair nó pobal.
  • Ná déan ceallraí a dhiúscairt le dramhaíl tí.
  • Má tá córas i do limistéar áitiúil, úsáid an córas sin chun ceallraí caite a thabhairt ar ais.
  • Ná tabhair isteach ach ceallraí díluchtaithe.
  • Is gnách go mbíonn ceallraí díluchtaithe nuair a mhúchann an trealamh atá á oibriú leis na ceallraí nó nuair a léirítear “ceallra folamh” air, nó nuair nach n-oibríonn an ceallra i gceart tar éis tréimhse fada úsáide.
  • Cuir stiallacha greamaitheacha ar theagmhálaithe an cheallra chun gearrchiorcaid a chosc.

Battery Safety Symbols

Battery Safety

Éigeantach; Téigh i gcomhairle leis an lámhleabhar/leabhrán treoracha

Wear Eye Protection

Éigeantach; Caith an tsúilchosaint

Keep children away from acid and batteries

Toirmeasc; Níl cead isteach ag leanaí

Explosion danger.png

Rabhadh; Ábhar pléascach

No naked flames

Toirmeasc; Cosc ar lasair gan chosaint

Chemical burns danger

Rabhadh; Ábhar creimneach